1 Is baoth ó nádúr iad na daoine go léir a bhí aineolach ar Dhiaagus nach raibh sé ar a gcumas fios a fháilar an Té Atá Ann, ó na nithe maithe atá le feiceáilagus nár chuir aithne ar an gceardaítrí mhachnamh a dhéanamh ar a oibreacha,
2 ach a cheap gur dhéithe a rialaíonn an domhan iadan tine nó an ghaoth nó an t‑aer mearnó ciorcal na réaltaí nó an t‑uisce suaite nó soilse neimhe.
3 Má mheas siad gur dhéithe iad na nithe seotoisc gurbh ábhar aoibhnis dóibh a n‑áilleacht,bíodh a fhios acu a oiread is atá a máistir níos fearr ná iad,óir is é údar na háilleachta a chruthaigh iad.
4 Má chuir a gcumhacht agus a n‑éifeacht ionadh orthutuigidís uathu a oiread is atá a ndealbhóir níos láidre ná iad.
5 Mar ó mhéid agus ó áilleacht nithe cruthaithecuirtear eolas ar a ndéantóir go hanalachúil.
6 Ach mar sin féin is beag is inlochtaithe iad na daoine seo.Óir b'fhéidir nach ndéanann siad ach dul ar seachránagus iad ag lorg Dé agus dúil acu lena fháil.