16 Bíonn air seiftiú a dhéanamh roimh ré ar a shon,más ea, ar eagla go dtitfeadh sé;óir is eol dó nach féidir leis déanamh dó féin;mar, níl ann, tar éis an tsaoil, ach íomhá,a mbíonn géarghá aige le cabhair i gcónaí.
17 Ina dhiaidh sin agus uile, nuair a dhéanann sé urnaíar son a mhaoine nó a mhná céile nó a chlainne,ní náir leis labhairt le rud gan anam.
18 Iarrann sé sláinte ar lagrachán agus lorgann sébeatha ó mharbhán;iarrann sé cabhair ar rud atá go fíor-neamhoilte ar fad,agus turas faoi rath ar rud nach féidir dó cos leis a bhogadh.
19 Impíonn sé ar rud a bhfuil lámha gan éifeacht ar bith aige,éifeacht a bhronnadh airi cúrsaí brabaigh agus trachtála agus lámhcheardaíochta rathúla.