6 Ach mar sin féin is beag is inlochtaithe iad na daoine seo.Óir b'fhéidir nach ndéanann siad ach dul ar seachránagus iad ag lorg Dé agus dúil acu lena fháil.
7 Ag maireachtáil dóibh i measc a oibreacha leanann siad orthu á mionscrúdú.Ach is amhlaidh a chuireann a ndealramh cluain orthutoisc gurb álainn iad na nithe atá le feiceáil.
8 Ach arís, fiú amháin iad seo, níl siad inleithscéil.
9 Óir, má bhí sé ar a gcumas an oiread sin feasa a fháil,gurbh fhéidir leo tuairimíocht a dhéanamh faoin saol,cén fáth nár chuir siad aithne ar mháistir na nithe seo níos luaithe?
10 Baothdhóchas atá bunaithe ar nithe marbha, áfach,is ea dóchas an dreama a thugann déithe ar nithea rinne lámha daoine:ar ór agus ar airgead, a múnlaíodh go healaíontachun íomhánna d'ainmhithe a dhéanamh,nó ar cheap cloiche gan mhaith,a dhealbhaigh lámha snoíodóra éigin fadó.
11 Mar shampla, gearrann saor adhmaid éigincrann so-oibrithe anuas;feannann sé an choirt go léir de go deaslámhach;agus le barr ceardaíochta déanann sé soitheach áisiúil aschun riaradh ar riachtanais laethúla na beatha.
12 Ansin, baineann sé feidhm as an dramhadhmadchun béile a ullmhú dó féin, agus itheann sé a sháith.