9 Óir, má bhí sé ar a gcumas an oiread sin feasa a fháil,gurbh fhéidir leo tuairimíocht a dhéanamh faoin saol,cén fáth nár chuir siad aithne ar mháistir na nithe seo níos luaithe?
10 Baothdhóchas atá bunaithe ar nithe marbha, áfach,is ea dóchas an dreama a thugann déithe ar nithea rinne lámha daoine:ar ór agus ar airgead, a múnlaíodh go healaíontachun íomhánna d'ainmhithe a dhéanamh,nó ar cheap cloiche gan mhaith,a dhealbhaigh lámha snoíodóra éigin fadó.
11 Mar shampla, gearrann saor adhmaid éigincrann so-oibrithe anuas;feannann sé an choirt go léir de go deaslámhach;agus le barr ceardaíochta déanann sé soitheach áisiúil aschun riaradh ar riachtanais laethúla na beatha.
12 Ansin, baineann sé feidhm as an dramhadhmadchun béile a ullmhú dó féin, agus itheann sé a sháith.
13 Agus má bhíonn blogh den dramhadhmad fágthanach bhfuil maitheas ar bith anntoisc é a bheith cam agus lán d'fhadharcáin,tógann sé ina láimh é agus tosaíonn sé ar é a ghearradhleis an neamhaire sin a ghabhann le tráth scíthe;agus snoíonn sé le ceardachas slamchúiseach éagus cuireann sé cló duine air b'fhéidir,
14 nó déanann sé mionsamhail d'ainmhí suarach éigin de.Ansin, smearann sé ócar airagus deargann sé a dhromchla le breasalnó go gclúdaíonn sé gach máchail atá air.
15 Déanann sé cillín dó ansin agus greamaíonn sé don bhalla éá dhaingniú ann le bacán iarainn.