1 Arís, nuair a bhíonn duine ag ullmhú le haghaidh aistear mara,agus é ar tí seoladh amach san fharraige chraosach,éann sé ar smut adhmaid atá níos sobhristená an long a iompróidh é.
2 Ba dhúil sa bhrabach a cheap an long seoagus b'í an eagna an saor a thóg í.
3 Ach is í d'oirchillse, a athair, a stiúrann í.Óir rinne tú bóthar fiú amháin san fharraige féin,agus réitigh tú bealach sábháilte tríd na tonnta.
4 Ar an gcuma seo taispeánann tú gur féidir duitdaoine a tharrtháil ón uile bhaol,sa chaoi go bhféadann duinenach bhfuil scil ar bith aige dul ar bord loinge.
5 Óir, na gléasanna a cheapann d'eagna-sa,is mian leat nach bhfágfaí díomhaoin iad.Ar an ábhar sin taobhaíonn daoine a mbeogo fiú le blúire adhmaid atá an-bheag ar fad,agus tar éis dóibh seoladh tríd an bhfarraige shuaite ar raftabaineann siad a gceann scríbe amach gan bascadh gan bárthain.
6 Fiú amháin i dtús an tsaoil,nuair a bhí na fathaigh uaibhreacha á ndíothú,d'éalaigh dóchas an domhain ar bord raftaagus faoi threoir do láimhe-sé d'fhág sé síol ag an saola bhfásfadh cine nua as.
7 Óir is beannaithe an t‑adhmada n‑eascraíonn an fhíréantacht as.