17 Ansin nuair nárbh fhéidir le daoineonóir a thabhairt do rialtóirí ina láthairtoisc iad a bheith ina gcónaí i bhfad ar shiúl,shamhlaigh siad dóibh féin cló an rí a bhí i bhfad uathu,ach ar mhian onóir a thabhairt dó,agus rinne siad dealbh shofheicthe dechun go ndéanfaidís lútáil go díograiseach leis an téa bhí as láthair amhail is go raibh sé i láthair.
18 Ansin chun an cultas seo a neartú ghríosaighceardaithe glóirmhianachafiú amháin daoine nárbh aithnid dóibh an rí ar aon chor.
19 Óir de bhrí, b'fhéidir, gur mhian leosásamh a thabhairt don rialtóir,chuireadh siad cló níos deise fós ar an íomhále cuidiú a gcuid ceardaíochta.
20 Dá bharr sin, chuir áilleacht na healaínedraíocht ar na gnáthdhaoine,sa chaoi gur cheap siad gur cheart dóibhábhar adhartha a dhéanamh den té a raibh siadtar éis onóir a thabhairt dó tamall gearr roimhe sin mar dhuine.
21 Bhí sé seo ina bhobghaiste do dhaoine;óir nuair a bhí siad faoi bhráca an bhróin,nó faoi chuing na tíorántachta, thug siad an tAinm doranntaar chlocha agus ar cheapa adhmaid.
22 Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia;ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolaistugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc.
23 Óir, cibé acu a chleachtann siaddeasghnátha tionscanta naíonmharaithe,nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda,nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile,