22 Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia;ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolaistugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc.
23 Óir, cibé acu a chleachtann siaddeasghnátha tionscanta naíonmharaithe,nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda,nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile,
24 ní choimeádann siad a mbeatha ná a bpóstaí slángan cháim níos mó.Ach déanann fear luíochán ar fhear eileagus maraíonn sé é;nó meallann sé a bhean chéile chun adhaltranas a dhéanamh leisagus cuireann sé brón agus buairt air dá bharr.
25 Tá gach uile shórt trína chéile;níl le feiceáil ach doirteadh fola agus feallmharú,gadaíocht agus caimiléireacht, lofacht agus mídhílseacht,clampar agus mionnú éithigh,
26 buairt á cur ar dhaoine macánta, míbhuíochas,truailliú anamacha, collaíocht mhínádurtha,ainrialtacht i gcúrsaí pósta, adhaltranas agus ainriantacht.
27 Óir adhradh íol, nár cheart fiú amháin a n‑ainmneacha a lua,tús agus cúis agus críoch an uile oilc.
28 Mar téann a lucht adhartha as a meabhairle barraíocht scléipshuilt,nó déanann siad tairngreachtaí bréagacha,nó maireann siad go hainfhíréanta,nó tugann siad mionnaí bréige go meargánta.