1 Dá dheasca sin, uile, cuireadh an pionós a bhí tuillte acuar na daoine seo le hainmhithe den chineál céannaagus ciapadh iad le sluaite feithidí.
2 In áit na pianpháise seo, áfach,is amhlaidh a chuir tusa comaoin ar do phobal féin;d'ullmhaigh tú gearra goirt mar bhia dóibh,mar shócamais a shásódh an goile géar a bhí acu,
3 ionas, nuair a bhuailfeadh fonn ite an dream eile úd,go mbainfeadh na hainmhithe urghránna a chuirfí chucu, díobhfiú amháin an goile nádúrtha a bhí acu don bhiaa bhí riachtanach dóibhagus ar an taobh eile de go mbeadhsócaimis le hithe ag do phobal féintar éis dóibh bheith ar an ngannchuid ar feadh tamaillín.
4 Óir ba ghá go bhfágfaí ganntanas doleigheastaar na tíoránaigh úd,ach níor ghá ach go dtaispeánfaí do do phobal féinconas a bhí a naimhde á gciapadh.
5 Scaoileadh cuthach fíochmhar beithíoch allta faoi do phobal freisin,agus bhí siad á ndíothú ag cealga na nathracha lúbarnacha,ach níorbh fhada gur tháinig maolú ar do chuid feirge.