10 Níor cloíodh do chlann mhac féin, áfach,le fiacla nathracha nimhe,mar tháinig do thrócaire i gcabhair orthu, agus leigheasadh iad.
11 Cealgadh iad ar ndóigh,i dtreo go gcoinneoidís cuimhne ar do chuid oracal;ach is go tapa a tarrtháladh ansin iad,ar eagla go mbéarfadh díchuimhne dholeigheasta greim orthu,agus go dtarraingeofaí a n‑intinn ó do chineáltas.
12 Ní luibh ná ceirín a shlánaigh iadach do bhriathar féin amháin, a Thiarna,a leigheasann an uile ní.
13 Is agatsa amháin atá cumhacht ar bhás agus ar bheatha daoine.Seolann tú síos go geataí ifrinn iad agus aníos arís.
14 I dtaca leis an duine de, áfach,d'fhéadfadh sé duine eile a mharú le corp mailíse,ach níl sé ar a chumas an spiorad atá imithe a thabhairt ar aisnó an t‑anam atá gafa a scaoileadh saor.
15 Ach ní féidir éalú ó do láimhse.
16 Óir dhiúltaigh na héagraifigh géilleadh duit;dá dheasca sin, thug do chuisle chumhachtach sciúrsáil dóibh,agus ciapadh iad le ceathanna uafásacha báistí agus cloch shneachtaa tháinig anuas orthu ina nduartan, agus ídíodh iad go hiomlán le tine.