19 Uaireanta eile, fiú amháin i lár an uisce,bhí na lasracha níos tréine ná gnáththine,sa chaoi go scriosfaidís barra na talún mallaithe.
20 Ina ionad sin go léir, áfach,chothaigh tú do phobal féin le bia aingeal,agus chuir tú arán chucu ó neamhnár sholáthraigh siad féin lena gcuid oibreach a bhí cóirithe dóibh cheana féin,agus a raibh gach uile shuairceas ann,sa chaoi go bhfaigheadh cách blas air.
21 Óir, an lón seo a chuir tusa ar fáil,thaispeáin sé chomh lách is a bhí tú le do phobal;is amhlaidh a réitigh sé le goile gach duine a chaith émar athraíodh é de réir mar ba mhian le cách.
22 Sheas an sneachta agus an t‑oighear an tine,agus níor leáigh siad ionas go mbeadh a fhios ag do phobal féingo raibh torthaí a naimhde á n‑ídiú ag an tinea bhí ag bladhmadh sa chloch shneachta,agus ag spréacharnach sna múrtha báistí.
23 Rinne an tine chéanna seo dearmad ar a mhianach féin,i dtreo go gcothófaí na firéin.
24 Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir,luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú,ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúda chuireann a muinín ionatsa.
25 Ar an ábhar sin, an uair úd féin,tháinig an uile shaghas athrú uirthide réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí,ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort,