21 Óir, an lón seo a chuir tusa ar fáil,thaispeáin sé chomh lách is a bhí tú le do phobal;is amhlaidh a réitigh sé le goile gach duine a chaith émar athraíodh é de réir mar ba mhian le cách.
22 Sheas an sneachta agus an t‑oighear an tine,agus níor leáigh siad ionas go mbeadh a fhios ag do phobal féingo raibh torthaí a naimhde á n‑ídiú ag an tinea bhí ag bladhmadh sa chloch shneachta,agus ag spréacharnach sna múrtha báistí.
23 Rinne an tine chéanna seo dearmad ar a mhianach féin,i dtreo go gcothófaí na firéin.
24 Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir,luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú,ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúda chuireann a muinín ionatsa.
25 Ar an ábhar sin, an uair úd féin,tháinig an uile shaghas athrú uirthide réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí,ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort,
26 agus go bhfoghlaimeodh do chlann mhac féin, a Thiarna,a raibh an oiread sin grá agat dóibh,nach é táirgeadh torthaí a chothaíonn an duineach gurbh é do bhriatharsa a chaomhnaíonn a bhfuila muinín acu asat.
27 Óir, an lón bia nár scriosadh le tine,leáigh sé gan mhoill,nuair nach ndearnadh ach é a théamhle spalladh beag gréine.