24 Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir,luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú,ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúda chuireann a muinín ionatsa.
25 Ar an ábhar sin, an uair úd féin,tháinig an uile shaghas athrú uirthide réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí,ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort,
26 agus go bhfoghlaimeodh do chlann mhac féin, a Thiarna,a raibh an oiread sin grá agat dóibh,nach é táirgeadh torthaí a chothaíonn an duineach gurbh é do bhriatharsa a chaomhnaíonn a bhfuila muinín acu asat.
27 Óir, an lón bia nár scriosadh le tine,leáigh sé gan mhoill,nuair nach ndearnadh ach é a théamhle spalladh beag gréine.
28 Tharla sé seo chun go dtuigfínach foláir do dhuine bheith ina shuí roimh éirí gréinechun buíochas a ghabháil leat,agus a ghuí a chur suas chugat le lonradh an lae.
29 Óir tiocfaidh leá an tseaca geimhridhar dhóchas an duine dhíomaigh,agus snífidh sé leis mar uisce fuíll.