6 Ba mar rabhadh dóibh a cuireadh imeagla orthuar feadh tamaillín,ach tugadh comhartha slánaithe dóibh ansinchun go gcoinneoidís cuimhne ar aitheanta do dhlíse.
7 Óir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo,ní tríd an rud a chonaic sé a sábháladh é,ach tríotsa, slánaitheoir na n‑uile.
8 Leis an gcomhartha seo chomh maithchuir tú ina luí ar ár naimhde,gur tusa amháin a shaorann daoine ó gach olc.
9 Óir maraíodh iad siúd le cealga lócaistí agus cuileogagus bhí sé tuillte acu go bpionósfaí iadlena leithéid sin d'fheithidí.
10 Níor cloíodh do chlann mhac féin, áfach,le fiacla nathracha nimhe,mar tháinig do thrócaire i gcabhair orthu, agus leigheasadh iad.
11 Cealgadh iad ar ndóigh,i dtreo go gcoinneoidís cuimhne ar do chuid oracal;ach is go tapa a tarrtháladh ansin iad,ar eagla go mbéarfadh díchuimhne dholeigheasta greim orthu,agus go dtarraingeofaí a n‑intinn ó do chineáltas.
12 Ní luibh ná ceirín a shlánaigh iadach do bhriathar féin amháin, a Thiarna,a leigheasann an uile ní.