11 Is meata an ní í an mhallaitheacht inti féinagus daortar ar a fianaise féin í.Faoi bhrú a coinsiasa, bíonn sí ag déanamh áibhéile i gcónaíar na tubaistí a bhíonn ag bagairt uirthi.
12 Óir níl san eaglaach tréigean na cabhrach a sholáthraíonn an réasún;
13 nuair a laghdaítear ón taobh istigh de dhuinean tsúil atá aige le cúnamh, is mó a ghoilleann sé airé bheith aineolach faoi fhíorchúis na hainnise.
14 Mar sin de, i rith na hoíche sin,nach raibh cumhacht dá laghad aici,agus a bhí tar éis teacht aníos orthuó phrochóga ifrinn éagumasaigh,chodail siad go léir ar an gcuma chéanna;
15 uaireanta, bhí siad á dtiomáint ag taibhsí urghránna;uaireanta eile, bhí siad ina staictoisc gur chlis a n‑anamacha orthu;óir, i dtobainne, bhuail eagla iad nach raibh coinne acu léi.
16 Cibé ar bith duine a bhí ann, mar sin, thit sé ar lár mar a raibh séagus bhí sé á choimeád mar chime i gcarcair gan ghlas.
17 Cibé acu a bhí sé ina fheirmeoir nó ina aoire,nó ina fhear oibre a bhí ag saothrú san fhásach,gabhadh é agus b'éigean do an t‑angar dosheachanta a fhulaingt;óir bhí siad go léir cuibhrithe le haon slabhra amháin dorchadais.