5 ní raibh sé de chumhacht ag tine ar bith solas a sholáthar dóibh,ná níor fhéad gathanna geala na réaltaían oíche dhúdhorcha úd a shoilsiú ach oiread.
6 Ní raibh ag lonrú orthu tríd an dorchadasach bladhairí scanrúla a las suas uathu féin.Le neart an anbhá a chuir an fhís dhoiléir sin orthu,cheap siad go raibh na nithe a chonaic siadníos measa ná mar a bhí siad dáiríre.
7 Bhí cleasaíocht a gcuid draíochta gan éifeacht;agus an chlisteacht a mbídís ag maíomh aisticáineadh go feanntacht fonóideach í.
8 Óir, an dream a thug orthu féineagla agus buairt a dhíbirt ón anam tinn,bhí siad féin chomh tinn sin de dheasca a n‑imnígo ndearnadh ceap magaidh díobh.
9 Óir, d'ainneoin nach raibh aon arrachtach annchun iad a scanrú,chuir gluaiseacht feithidí agus sioscarnach nathrach scaoll iontu;
10 bascadh go hiomlán iad le corp critheaglaagus iad ag diúltú fiú amháin aghaidh a thabhairt ar an aer féin,rud nach féidir éalú uaidh áit ar bith.
11 Is meata an ní í an mhallaitheacht inti féinagus daortar ar a fianaise féin í.Faoi bhrú a coinsiasa, bíonn sí ag déanamh áibhéile i gcónaíar na tubaistí a bhíonn ag bagairt uirthi.