9 Óir, d'ainneoin nach raibh aon arrachtach annchun iad a scanrú,chuir gluaiseacht feithidí agus sioscarnach nathrach scaoll iontu;
10 bascadh go hiomlán iad le corp critheaglaagus iad ag diúltú fiú amháin aghaidh a thabhairt ar an aer féin,rud nach féidir éalú uaidh áit ar bith.
11 Is meata an ní í an mhallaitheacht inti féinagus daortar ar a fianaise féin í.Faoi bhrú a coinsiasa, bíonn sí ag déanamh áibhéile i gcónaíar na tubaistí a bhíonn ag bagairt uirthi.
12 Óir níl san eaglaach tréigean na cabhrach a sholáthraíonn an réasún;
13 nuair a laghdaítear ón taobh istigh de dhuinean tsúil atá aige le cúnamh, is mó a ghoilleann sé airé bheith aineolach faoi fhíorchúis na hainnise.
14 Mar sin de, i rith na hoíche sin,nach raibh cumhacht dá laghad aici,agus a bhí tar éis teacht aníos orthuó phrochóga ifrinn éagumasaigh,chodail siad go léir ar an gcuma chéanna;
15 uaireanta, bhí siad á dtiomáint ag taibhsí urghránna;uaireanta eile, bhí siad ina staictoisc gur chlis a n‑anamacha orthu;óir, i dtobainne, bhuail eagla iad nach raibh coinne acu léi.