1 Bhí solas sárgheal ann do do chuid naomh;chuala a naimhde, áfach, a nglór, ach ní bhfuair siadaon radharc orthu,agus ó nach raibh siad tar éis pianpháis a fhulaingt mar iad féinbhí siad á rá gur mhéanar dóibh.
2 Bhí siad buíoch díobh, freisin,toisc nach ndearna siad aon dochar dóibhd'ainneoin go ndearnadh leatrom orthu féin roimhe sin;agus d'iarr siad mar ghrásta orthu imeacht.
3 Mar sin de, in ionad an dorchadais,sholáthraigh tú colún lasrachmar threoraí dóibh ar bhóthar anaithnid,agus mar ghrian neamhdhíobhálach le linna n‑imirce glórmhaire.
4 Bhí sé tuillte, ar ndóigh, ag a naimhde go mbainfí an solas díobhagus go mbeidís ina gcimí sa dorchadas;óir bhí siad tar éis do chlann mhac a choimeád i mbraighdeanasar tríothu a thabharfaí solas domhúchta an dlí don saol.