17 Ansin chuir na taibhsí a chonaic siad i mbrionglóidítrí chéile iad go mór ar an mball,agus gabh eagla agus uafás iad gan choinne.
18 Caitheadh síos ar an talamh iad leathmharbh,duine anseo agus duine eile ansiúd,agus nocht siad cén fáth a raibh siad ag fáil bháis.
19 Óir, na taibhrimh a chuir trí chéile iad,thug siad an t‑eolas seo dóibh roimh réionas nach gcaillfí iad agus gan a fhios a bheith acu,cén fáth a raibh pianpháis á fulaingt acu.
20 Theagmhaigh an bás leis na fíréin chomh maithagus bascadh slua mór díobh san fhásach;ach níorbh fhada a lean an díbheirg.
21 Óir ba ghearr gur thosaigh fear gan smál ag troid ar a son,agus é ag beartú airm a sheirbhíse sagartúla,an urnaí agus an túis leorghníomhach;is amhlaidh a sheas sé in aghaidh na díbheirgeagus a chuir sé deireadh leis an anachain,rud a thaispeáin gurbh é do shearbhónta é;
22 ní le neart coirp nó le treise lann, áfach,a threascair sé an díbheirg,ach ba lena bhriathar amháin a cheansaigh sé an smachtóir,nuair a thug sé chun cuimhnena conarthaí faoi mhionn a rinneadh lenár sinsir.
23 Nuair a bhí na marbháin tar éis titim cheana féinar mhullach a chéile ina gcairn,sheas seisean suas i lár baill, agus bhrúigh sé an díbheirg siaragus dhún sé an bealach chun na mbeo uirthi.