21 Óir ba ghearr gur thosaigh fear gan smál ag troid ar a son,agus é ag beartú airm a sheirbhíse sagartúla,an urnaí agus an túis leorghníomhach;is amhlaidh a sheas sé in aghaidh na díbheirgeagus a chuir sé deireadh leis an anachain,rud a thaispeáin gurbh é do shearbhónta é;
22 ní le neart coirp nó le treise lann, áfach,a threascair sé an díbheirg,ach ba lena bhriathar amháin a cheansaigh sé an smachtóir,nuair a thug sé chun cuimhnena conarthaí faoi mhionn a rinneadh lenár sinsir.
23 Nuair a bhí na marbháin tar éis titim cheana féinar mhullach a chéile ina gcairn,sheas seisean suas i lár baill, agus bhrúigh sé an díbheirg siaragus dhún sé an bealach chun na mbeo uirthi.
24 Óir bhí an domhan go léir á chomharthú ar a róba lánfhada,agus ainmneacha oirirce ár sinseargreanta ar na ceithre shraith de chlocha lómhara,agus do mhórgacht féin á léiriú ar an gcoróin a bhí ar a cheann.
25 Ghéill an scriostóir do na nithe seo, mar b'eagal leis iad.Óir ba leor do na fíréin blaiseadh a fháil den díbheirg.