5 Shocraigh siad ar naíonáin na naomh a mharú;bhí leanbh amháin ina measc, áfach,a cuireadh amach ach a sábháladh,chun cúiteamh a bhaint díobh ar ball.Is amhlaidh a chuir tú slua mór dá leanaí dá gcoisagus dhíothaigh tú iad go léir le chéile san uisce domhain.
6 Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin,ionas go nglacfaidís misneach nuaira bheadh a fhios acu go cinntecén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu.
7 Bhí do phobal ag súille slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.
8 Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde,sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinnagus a thug gradam dúinn dá bharr.
9 Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheiltag clann chráifeach na bhfíréan,agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céannaagus sna contúirtí céanna chomh maith,agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acumar réamhcheol cheana féin.
10 Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligeangártha míbhinne astu,agus chualathas ar fud na dúichean caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí.
11 Cuireadh an pionós céanna ar sclábhaí agus ar a mháistir araon;agus bhí an phianpháis chéanna á fulaingtag an ngnáthdhuine agus a bhí ag an rí.