7 Bhí do phobal ag súille slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.
8 Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde,sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinnagus a thug gradam dúinn dá bharr.
9 Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheiltag clann chráifeach na bhfíréan,agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céannaagus sna contúirtí céanna chomh maith,agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acumar réamhcheol cheana féin.
10 Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligeangártha míbhinne astu,agus chualathas ar fud na dúichean caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí.
11 Cuireadh an pionós céanna ar sclábhaí agus ar a mháistir araon;agus bhí an phianpháis chéanna á fulaingtag an ngnáthdhuine agus a bhí ag an rí.
12 Ag gach uile dhuine acu bhí líon do-áirithe marbhána fuair bás ar an gcuma chéanna;níor leor na beo féin chun iad a adhlacadhmar díothaíodh an chuid ab uaisle dá gclannin aon nóiméad amháin.
13 Óir, siúd is nár chreid siad ní ar bithde dheasca a gcuid asarlaíochta,nuair a díscíodh a gcéadghineannad'admhaigh siad gurbh é mac Dé é an pobal.