1 De dheasca a gclaonmhachnaimh dúirt siad le chéile:“Is gairid dobrónach é ár saol;agus nuair a bhíonn an bás ag teannadh leis an duinení bhíonn aon leigheas aige air;ná ní fios ar fhill aon duine ó ifreann riamh.
2 Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teachtbeimid amhail is nach rabhamar ann riamh.Puth deataigh is ea an anáil atá inár bpolláiríagus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí.
3 Nuair a mhúchfar í, déanfar luaith dár gcorpagus scaipfear anáil na beathaar nós an aeir neamhsheasmhaigh.
4 Le himeacht aimsire ligfear ár n‑ainm i ndearmadagus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha.Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nos dhlaíóg dheiridh scamaill,agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíochtag gathanna na gréineagus á chloí ag a teas.