14 Is ann a fhaigheann ár smaointe a ndaoradh;is mór an crá croí dúinn bheith ag féachaint air.
15 Óir is neamhchosúil a shaol le saol daoine eile;a mhalairt ar fad de nósanna beatha atá aige.
16 Daoine bréagchráifeacha atá ionainne, dar leis;coinníonn sé amach uainn mar a sheachnódh sé an brocamas.Dearbhaíonn sé gurb é an sonas is críoch don fhíréan,agus go bhfuil Dia aige féin mar athair.
17 Feicimis mar sin an fíor a ndeir sé:faighimis amach cén chríoch a bheidh air féin.
18 Más é fíormhac Dé é, déanfaidh Dia é a chosaintagus a shaoradh ó lámha a naimhde.
19 Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadhgo bhfeicfimid an cheansacht atá annagus go mbainfimid triail as a fhoighne.
20 Daoraimis chun báis náirigh émar beidh cabhair le fáil aige -is é féin a dúirt linn é.”