4 Le himeacht aimsire ligfear ár n‑ainm i ndearmadagus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha.Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nos dhlaíóg dheiridh scamaill,agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíochtag gathanna na gréineagus á chloí ag a teas.
5 Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart;agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl, mar tá séala curtha air;agus níl aon duine a fhilleann ar ais.
6 Téanam ort, mar sin, agus bainimis aoibhneasas na maitheasaí atá ann.Bainimis earraíocht as nithe cruthaithele díocas dúthrachtach na hóige.
7 Bíodh ár lándóthain againnd'fhíon costasach agus de chumhráin;ná fágaimis gan baint go fiú aon bhláth earraigh amháin.
8 Corónaímis sinn féin le cocáin róis súla bhfeofaidh siad;(ná bíodh aon mhóinéar annnach ngabhfaidh ar ndrabhlás tríd).
9 Ná bíodh aon duine againn annnach mbeidh páirteach inár ragairne;fágaimis comharthaí áineasa i ngach uile áit;óir is é sin ár gcuid agus ár gcinniúint.
10 Déanaimis leatrom ar an mbochtán fíréanta;agus ná bíodh trua againn do bhaintreacha;ná tugaimis ómós do sheanghruaig liath an duine aosta.