1 Tá anamacha na bhfíréan i láimh Déagus ní bhainfidh piolóidí leo choíche.
2 Ba dhóigh le lucht na díchéille go raibh siad marbh,agus measadh gur thubaiste ab ea a mbás,
3 agus gurbh ionann agus díothú a n‑imeacht uainn.Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.
4 Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil,bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.
5 Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingtbronnfar mórán tíolacthaí orthu.Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.
6 Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéisagus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.