3 agus gurbh ionann agus díothú a n‑imeacht uainn.Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.
4 Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil,bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.
5 Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingtbronnfar mórán tíolacthaí orthu.Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.
6 Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéisagus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.
7 Ar uair a chuairte drithleoidh siad go lonrach,agus beidh siad ag gluaiseachtmar lasracha tríd an gcoinleach.
8 Tabharfaidh siad breith ar chiníochaagus beidh ceannas acu ar náisiúinagus beidh Dia féin ina rí orthu go brách.
9 Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne;agus na daoine a fhanann dílis dó,cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá;mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.