5 Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingtbronnfar mórán tíolacthaí orthu.Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.
6 Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéisagus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.
7 Ar uair a chuairte drithleoidh siad go lonrach,agus beidh siad ag gluaiseachtmar lasracha tríd an gcoinleach.
8 Tabharfaidh siad breith ar chiníochaagus beidh ceannas acu ar náisiúinagus beidh Dia féin ina rí orthu go brách.
9 Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne;agus na daoine a fhanann dílis dó,cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá;mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.
10 Ach smachtófar na héagráifighde réir mar a thuillfidh a gcuid machnaimh;mar thug siad faillí san fhíréan(tacht) agus thréig siad an Tiarna.
11 Is díol trua iad na daoinea chaitheann drochmheas ar an eagna agus ar an smacht;mar bíonn a ndóchas díomhaoin agus a saothar in aisce acu,agus a ngníomhartha gan éifeacht.