2 Nuair a bhíonn sí ann déantar aithris uirthi;ach bíonn cumha ar dhaoine ina diaidh nuair a imíonn sí léi;gluaiseann sí ar aghaidh go caithréimeachar feadh na síoraíochta faoi choróin bláthanna,mar tá sí tar éis an bua a bhreith léii gcomórtas le haghaidh duaiseanna gan cháim.
3 Ach ní bheidh rath ná bailar shliocht líonmhar na n‑éagráifeach.Ó fhásann said ó mheatháin bhréige,ní chuirfidh siad fréamhacha doimhne,ná ní bheidh greim daingean acu san ithir ach oiread.
4 Óir fiú amháin má chuireann siad craobhacha amach ar feadh tamaill,bainfidh an ghaoth croitheadh astu,toisc iad a bheith éadaingeanagus stoithfidh sí óna bhfréamhacha iad lena neart.
5 Brisfear craobhacha craptha díobh;beidh a dtorthaí gan mhaith;beidh siad róghlas le hitheagus gan fiúntas ar bith iontu.
6 Óir an chlann a ghintearde dheasca comhriachtana neamhdhleathaí,bíonn siad ina bhfinnéithe ar urchóid a dtuismitheoirínuair a dhéantar mionscrúdú orthu.
7 Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí,beidh sé faoi shuaimhneas.
8 Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduinená ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.