4 Óir fiú amháin má chuireann siad craobhacha amach ar feadh tamaill,bainfidh an ghaoth croitheadh astu,toisc iad a bheith éadaingeanagus stoithfidh sí óna bhfréamhacha iad lena neart.
5 Brisfear craobhacha craptha díobh;beidh a dtorthaí gan mhaith;beidh siad róghlas le hitheagus gan fiúntas ar bith iontu.
6 Óir an chlann a ghintearde dheasca comhriachtana neamhdhleathaí,bíonn siad ina bhfinnéithe ar urchóid a dtuismitheoirínuair a dhéantar mionscrúdú orthu.
7 Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí,beidh sé faoi shuaimhneas.
8 Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduinená ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.
9 Ach is í an eagna fíorléithe an duineagus beatha gan smál a fhíor-sheanaois.
10 Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó;agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é.