8 Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduinená ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.
9 Ach is í an eagna fíorléithe an duineagus beatha gan smál a fhíor-sheanaois.
10 Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó;agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é.
11 Fuadaíodh é ar eagla go n‑athródh an t‑olc a thuiscintnó go meallfadh an chealgaireacht a chroí.
12 Óir milltear an mhaith le draíocht na baoiseagus truaillíonn seachránacht na hainmhéine an aigne shaonta.
13 In achar ghearr tugadh chun foirfeachta ésa chaoi gur shlánaigh sé seal mór blianta.
14 Ba thaitneamhach a chroí leis an Tiarna;ar an ábhar sin thóg sé leis go tapa é ó lár an oilc.