13 sin mar a bhí an scéal againne -níor luaithe a rugadh sinn ná d'éagamaragus ní raibh comhartha ionracais le taispeáint againn.Óir is i lár ár n‑urchóide féin a ídíodh sinn.”
14 Is cosúil dóchas an éagráifighle lochán a ardaíonn an ghaoth léi;agus le cáitheadh mín na farraige,a thiomáineann an stoirm roimpi,agus le deatach a scaiptear le hanfaagus leis an mearchuimhne a choimeádtar ar aoi aon lae.
15 Ach maireann na fíréin go deo;agus tá a luach saothair i lámha an Tiarna,agus déanann an Té is Airde cúram díobh.
16 Dá bhrí sin, gheobhaidh siad coróin thaibhseachagus ceannbheart niamhrach ó láimh an Tiarna;óir cumhdóidh sé lena dheasláimh iadagus cosnóidh sé iad lena ghéag láidir.
17 Beidh a ghrá éadmhar mar airm agus éide aigeagus armálfaidh sé gach ar chruthaigh séchun díoltas a imirt ar a naimhde.
18 Cuirfidh sé an fhíréantacht air féin mar lúireachagus an breithiúnas neamhchlaon mar chlogad;
19 glacfaidh sé an naofacht dhochloíte chuige mar sciath.