3 Déarfaidh siad le cheileagus iad faoi bhráca an aithreachaisagus ag osnaíl go léanmhar:
4 “Nach é seo an duine a ndéanaimisstaicín áiféise agus ceap magaidh de?Le barr díchéille cheapamar nach raibh sa saol a chaith séach buile agus báiní agus gurbh easonórach é an bás a fuair sé.
5 Cad é is cúis leis gur áiríodh ar chlann mhac Dé éagus go bhfuil a ionad féin aige i measc na naomh?
6 Mar sin de, ní foláirnó go ndeachamar ar fán ó shlí na fírinneagus nár shoilsigh solas na fíréantachta dúinnagus nár éirigh an ghrian orainn.
7 Bhí ár sáith againn de chásain na hurchóide agus an bhasctha;chuamar ar fán trí fhásaigh dhíbhealaighagus níorbh eol dúinn slí an Tiarna.
8 Cárbh fhearrde sinn an t‑uabhar?cén tairbhe a rinne an saibhreas agus an mórtas dúinn?
9 D'imigh na nithe sin go léir ar cealmar scáth agus mar scéal reatha,