7 Bhí ár sáith againn de chásain na hurchóide agus an bhasctha;chuamar ar fán trí fhásaigh dhíbhealaighagus níorbh eol dúinn slí an Tiarna.
8 Cárbh fhearrde sinn an t‑uabhar?cén tairbhe a rinne an saibhreas agus an mórtas dúinn?
9 D'imigh na nithe sin go léir ar cealmar scáth agus mar scéal reatha,
10 nó mar long a sheolann trí uisce treathnach -nuair atá sí imithe thart ní bhíonn rian di ar fáilná lorg a cíle sna tonnta;
11 nó faoi mar nach bhfaightear fianaise ar bithde chosán éin a eitlíonn tríd an aer -is amhlaidh a bhuailtear an t‑aer éadrom le buillí a sciathán;scoiltear é le fuinneamh a ruathair,agus téitear tríd le corraí a eitíach ina dhiaidh sin ní bhfaightearcomhartha dá laghad ann dá chursa;
12 nó faoi mar a ghearrtar an t‑aernuair a chaitear saighead le sprioc,ach go ndlúthaítear le chéile arís é ar an toirt,sa chaoi nach léir a bealach tríd;
13 sin mar a bhí an scéal againne -níor luaithe a rugadh sinn ná d'éagamaragus ní raibh comhartha ionracais le taispeáint againn.Óir is i lár ár n‑urchóide féin a ídíodh sinn.”