1 Duine básmhar ar nós gach duine eile is ea mise freisin;shíolraigh mé ón gcéad fheara dealbhaíodh as an luaithreach;ar feadh deich mí múnlaíodh mo cholainni mbroinn mo mháthar,
2 i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil,ó shíol fir agus ó sháile an phósta.
3 Nuair a rugadh mé,tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer,agus thit mé síos ar an talamh,a bhí d'aon mhianach liom féin;ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe.
4 Cuireadh i gcrios ceangail méagus oileadh mé le togha an aireachais.
5 Ní raibh rí ar bith ann riamha raibh a mhalairt de thosach ar a shaol.