10 B'ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleachtagus b'fhearr liom í ná an solas féinmar ní mheathfaidh a loinnir go deo.
11 Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léiagus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.
12 Bhí athas orm mar gheall orthu sin go léir,óir is í an eagna a riarann iad;ach níorbh eol dom gurbh ise a máthair.
13 Is le hintinn ghlan a d'fhoghlaim méagus tugaim uaim gan doicheall;ní choinním a saibhreas i bhfolach.
14 Óir is stór do-ídithe do dhaoine é;agus an mhuintir a fhaigheann ésnaidhmeann siad cairdeas le Dia,mar is taitneamhach leis iadde bharr na dtíolacthaí a fhaigheann siad óna teagasc.
15 Go dtuga Dia domsa labhairt mar is áil leisagus meas cóir a bheith agam ar a thabhartais;óir is é treoraí na heagna agus stiúrthóir na saoithe é.
16 Mar táimid féin agus ár mbriathraár dtuiscint agus ár gceardaíocht uile faoina smacht.