13 Is le hintinn ghlan a d'fhoghlaim méagus tugaim uaim gan doicheall;ní choinním a saibhreas i bhfolach.
14 Óir is stór do-ídithe do dhaoine é;agus an mhuintir a fhaigheann ésnaidhmeann siad cairdeas le Dia,mar is taitneamhach leis iadde bharr na dtíolacthaí a fhaigheann siad óna teagasc.
15 Go dtuga Dia domsa labhairt mar is áil leisagus meas cóir a bheith agam ar a thabhartais;óir is é treoraí na heagna agus stiúrthóir na saoithe é.
16 Mar táimid féin agus ár mbriathraár dtuiscint agus ár gceardaíocht uile faoina smacht.
17 Óir is é a thug eolas cruinn dom ar a bhfuil ann,ionas go dtuigfinn comhdhéanamh na cruinneagus oibriú na ndúl,
18 tosach, deireadh agus lár na n‑aimsirí,sealaíocht na ngrianstadanna agus athrú na séasúr,
19 timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta,