16 Mar táimid féin agus ár mbriathraár dtuiscint agus ár gceardaíocht uile faoina smacht.
17 Óir is é a thug eolas cruinn dom ar a bhfuil ann,ionas go dtuigfinn comhdhéanamh na cruinneagus oibriú na ndúl,
18 tosach, deireadh agus lár na n‑aimsirí,sealaíocht na ngrianstadanna agus athrú na séasúr,
19 timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta,
20 dúchas na n‑ainmhithe agus iompar na mbeithíoch allta,cumhachta gaoth agus smaointe daoine,saghsanna na bplandaí agus buanna a bhfréamhacha.
21 D'fhoghlaim mé a bhfuil folaithe agus follasach,
22 mar b'í an eagna, ceardaí oilte an uile ní, a mhúin mé.Tá spiorad intleachtúil naofa san eagna,é uathúil, ildánach, grinn,aclaí, soiléir, gan smál,cinnte, domhillte,