19 timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta,
20 dúchas na n‑ainmhithe agus iompar na mbeithíoch allta,cumhachta gaoth agus smaointe daoine,saghsanna na bplandaí agus buanna a bhfréamhacha.
21 D'fhoghlaim mé a bhfuil folaithe agus follasach,
22 mar b'í an eagna, ceardaí oilte an uile ní, a mhúin mé.Tá spiorad intleachtúil naofa san eagna,é uathúil, ildánach, grinn,aclaí, soiléir, gan smál,cinnte, domhillte,
23 dea-chroíoch, géar,do-choiscthe,dea-ghníomhach, daonnachtúil,buanseasmhach, daingean, saor ó imní,uilechumhachtach, uilebhreathnaitheach,agus é fite fuaite i ngach uile spioradintleachtúil, glan, sárghrinn eile.
24 Is gasta í an eagna ná gach gluaiseacht eile;de bharr a glaine tá sí fite fuaite i ngach uile ní.
25 Anáil chumhachtach Dé is ea í,eisileadh fíorghlan ó ghlóir an Uilechumhachtaigh.Ar an ábhar sin, ní féidir le haon ní salachtéaltú isteach inti.