2 i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil,ó shíol fir agus ó sháile an phósta.
3 Nuair a rugadh mé,tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer,agus thit mé síos ar an talamh,a bhí d'aon mhianach liom féin;ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe.
4 Cuireadh i gcrios ceangail méagus oileadh mé le togha an aireachais.
5 Ní raibh rí ar bith ann riamha raibh a mhalairt de thosach ar a shaol.
6 Óir, níl ach an t‑aon bhealach amháinisteach sa saol seo ag cáchagus an t‑aon bhealach amháin amach as mar an gcéanna.
7 Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam,
8 ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga,agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.