22 mar b'í an eagna, ceardaí oilte an uile ní, a mhúin mé.Tá spiorad intleachtúil naofa san eagna,é uathúil, ildánach, grinn,aclaí, soiléir, gan smál,cinnte, domhillte,
23 dea-chroíoch, géar,do-choiscthe,dea-ghníomhach, daonnachtúil,buanseasmhach, daingean, saor ó imní,uilechumhachtach, uilebhreathnaitheach,agus é fite fuaite i ngach uile spioradintleachtúil, glan, sárghrinn eile.
24 Is gasta í an eagna ná gach gluaiseacht eile;de bharr a glaine tá sí fite fuaite i ngach uile ní.
25 Anáil chumhachtach Dé is ea í,eisileadh fíorghlan ó ghlóir an Uilechumhachtaigh.Ar an ábhar sin, ní féidir le haon ní salachtéaltú isteach inti.
26 Scáil niamhrach an tsolais shíoraí is ea íagus scáthán neamhtheimhlithe éifeachtúlacht Déagus íomhá a mhaitheasa.
27 Níl inti féin ach aon ní amháinach is féidir léi gach uile ní a dhéanamh;fanann sí istigh inti féinach déanann sí gach uile ní a athbheochan.I ngach uile ghlúin téann sí a chónaí in anamacha cráifeachaagus déanann sí cairde Dé agus fáithe díobh.
28 Ní ghránn Dia dadaach an té a chónaíonn i bhfochair na heagna.