5 Ní raibh rí ar bith ann riamha raibh a mhalairt de thosach ar a shaol.
6 Óir, níl ach an t‑aon bhealach amháinisteach sa saol seo ag cáchagus an t‑aon bhealach amháin amach as mar an gcéanna.
7 Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam,
8 ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga,agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.
9 Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi,mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimhagus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi.
10 B'ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleachtagus b'fhearr liom í ná an solas féinmar ní mheathfaidh a loinnir go deo.
11 Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léiagus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.