1 Leathann an eagna go láidir ó imeall go himeall na cruinneagus riarann sí gach uile ní go maith.
2 Dise a thug mé gean;is í a bhí á lorg agam ó m'oige anall;ba mhian liom í a bheith agam mar nuachar,óir chuir a háilleacht draíocht orm.
3 Is maise ar a huaisleacht chine í a bheith ar aontíos le Dia;tá grá ag Tiarna na nUile di;
4 Óir ligeadh léi rúneolas Déagus is í a roghnaíonn na hoibreacha atá le déanamh aige.
5 Más earra inmhianaithe é an saibhreas sa saol seo,cad is saibhre ná an eagna? Nach í a dhéanann an uile ní?