11 Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne,agus bheadh meas ag na huaisle orm.
12 Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-seango dtosóinn ag caint;agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn;agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad,leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.
13 Tríthi leis gheobhainn bua na neamhbhásmhaireachtaagus bheadh cuimhne orm go deo acu siúda thiocfadh i mo dhiaidh.
14 Bheinn i mo rí ar a lán náisiún,agus chuirfinn mórán ciníocha faoi mo smacht.
15 Thiocfadh critheagla ar thíoránaigh fhíochmhara,nuair a chloisfidís iomrá orm.Chruthóinn go maith mar rí i leith mo mhuintire féinagus bheinn cróga sa chogadh.
16 Nuair a d'fhillfinn abhaile, ligfinn mo scíth ina teannta;mar ní rachadh mo chaidreamh léi chun searbhais choíche.Óir, ní buaireamh ach áthas agus lúcháira chuireann aontíos léi ar dhuine.
17 Tar éis dom na nithe sin a mheá i m'aigne,agus a mheabhrú dom féin i mo chroí istigh,go bhfaightear neamhbhásmhaireacht ó bheithgaolmhar leis an eagna,