14 Bheinn i mo rí ar a lán náisiún,agus chuirfinn mórán ciníocha faoi mo smacht.
15 Thiocfadh critheagla ar thíoránaigh fhíochmhara,nuair a chloisfidís iomrá orm.Chruthóinn go maith mar rí i leith mo mhuintire féinagus bheinn cróga sa chogadh.
16 Nuair a d'fhillfinn abhaile, ligfinn mo scíth ina teannta;mar ní rachadh mo chaidreamh léi chun searbhais choíche.Óir, ní buaireamh ach áthas agus lúcháira chuireann aontíos léi ar dhuine.
17 Tar éis dom na nithe sin a mheá i m'aigne,agus a mheabhrú dom féin i mo chroí istigh,go bhfaightear neamhbhásmhaireacht ó bheithgaolmhar leis an eagna,
18 agus fíoraoibhneas ó chairdeas a shnaidhmeadh léiagus saibhreas do-ídithe ó shaothar a lámh,agus gaois óna comhluadar a thaithíagus dea-chlú ó chomhrá a dhéanamh léi,chuaigh mé timpeall chun a fháil amachcén chaoi a ngabhfainn chugam féin í.
19 Ba thréitheach an leanbh mé féin ó dhúchasagus thit sé de chrann orm go bhfuair mé anam uasal,
20 nó, ba chirte dom a rá, toisc mé a bheith uasal,chuaigh mé isteach i gcorp gan smál.