18 agus fíoraoibhneas ó chairdeas a shnaidhmeadh léiagus saibhreas do-ídithe ó shaothar a lámh,agus gaois óna comhluadar a thaithíagus dea-chlú ó chomhrá a dhéanamh léi,chuaigh mé timpeall chun a fháil amachcén chaoi a ngabhfainn chugam féin í.
19 Ba thréitheach an leanbh mé féin ó dhúchasagus thit sé de chrann orm go bhfuair mé anam uasal,
20 nó, ba chirte dom a rá, toisc mé a bheith uasal,chuaigh mé isteach i gcorp gan smál.
21 Ach ó thuig mé nach raibh aon slí eile ann domchun seilbh a fháil uirthi ach go dtabharfadh Dia dom í- agus ba chomhartha tuisceana é a aithintcé uaidh a dtiocfadh an tabhartas seo -d'iompaigh mé chun an Tiarna á agairtagus dúirt mé leis ó mo chroí amach: