6 Más gníomhú gaoise atá i gceist,cé is mó is ceardaí a bhfuil ann seachas í?
7 Agus má ghránn aon duine an fhíréantacht,is suáilcí iad torthaí a saothair.Óir múineann sí an mheasarthacht agus an chríonnacht,an ceartas agus an chrógacht;agus níl rud ar bith sa saol seoatá níos tairbhí do dhaoine ná iad sin.
8 Más mian le haon duine eolas fairsing a fháil,bíonn iarbhios ar ar tháinigagus réamhfhios ar a dtiocfaidh aici;agus tuigeann sí conas nathanna a chumadhagus tomhaiseanna a réiteach;comharthaí agus éachtaí,torthaí na dtráthanna agus na n‑aoiseanna,is eol dise iad go léir.
9 Ar an ábhar sin, shocraigh méar í a thabhairt chun aontís liom,mar bhí a fhios agam go dtabharfadh sí domcomhairle le linn an tséin agus sólás in aimsir na himníagus an bhróin.
10 Tríthi dar liom, gheobhainn moladh ó na sluaite,agus dá óige féin mé, thabharfaí gradam domi gcomhluadar seanóirí.
11 Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne,agus bheadh meas ag na huaisle orm.
12 Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-seango dtosóinn ag caint;agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn;agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad,leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.