1 A Dhia ár n‑aithreacha agus a Thiarna na trócaire,a rinne gach ní le do bhriathar,
2 agus a dhealbhaigh an duine le barr eagna,chun go mbeadh tiarnas aige ar ar chruthaigh tú,
3 agus go rialódh sé an chruinne le naofacht agus le fíréantacht,agus go mbainfeadh sé feidhm as a údarás le hintinn dhíreach,
4 tabhair dom an eagna sina bhíonn ina suí le hais do ríchathaoireach;ná diúltaigh áit a thabhairt dom i measc do ghiollaí.
5 Mar is mé do sheirbhíseach agus mac do bhanóglaigh,duine tréithlag gearrshaolach,ar róbheag í a thuiscint i gcúrsaí cirt agus dlíthe.
6 Óir, dá fhoirfe féin é duine ar bith den Ádhamhchlann,mura mbíonn an eagna a thagann uaitse aige,ní bheidh meas ag aon duine air.
7 Is tú a thogh mé le bheith i mo rí ar do phobalagus i mo bhreitheamh ar do chlann mhac agus iníonacha.