3 agus go rialódh sé an chruinne le naofacht agus le fíréantacht,agus go mbainfeadh sé feidhm as a údarás le hintinn dhíreach,
4 tabhair dom an eagna sina bhíonn ina suí le hais do ríchathaoireach;ná diúltaigh áit a thabhairt dom i measc do ghiollaí.
5 Mar is mé do sheirbhíseach agus mac do bhanóglaigh,duine tréithlag gearrshaolach,ar róbheag í a thuiscint i gcúrsaí cirt agus dlíthe.
6 Óir, dá fhoirfe féin é duine ar bith den Ádhamhchlann,mura mbíonn an eagna a thagann uaitse aige,ní bheidh meas ag aon duine air.
7 Is tú a thogh mé le bheith i mo rí ar do phobalagus i mo bhreitheamh ar do chlann mhac agus iníonacha.
8 D'ordaigh tú dom teampall a thógáil ar do shliabh naofa,agus altóir sa chathair ina gcónaíonn tú,macasamhail den bhoth naofa sina bhí ullmhaithe agat féin ón tosach.
9 Tá an eagna i do chuideachta;is eol di d'oibreacha go léir;bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne,tuigeann sí céard is taitneamhach leatagus céard is ceart de réir d'aitheanta.