9 Tá an eagna i do chuideachta;is eol di d'oibreacha go léir;bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne,tuigeann sí céard is taitneamhach leatagus céard is ceart de réir d'aitheanta.
10 Seol amach as na flaithis naofa í;cuir chugam í ó do ríchathaoir ghlórmharchun go mbeidh sí ag cuidiú agus ag comhoibriú liomi dtreo is go bhfoghlaimeoinn céard is áil leat.
11 Mar tá fios gach feasa aici agus tuigeann sí an uile ní;treoróidh sí mé go stuama i mo ghnóthaí uileagus cosnóidh sí mé lena [cumhacht].
12 Ansin beidh mo ghníomhartha taitneamhach leatagus rialóidh mé do phobal go hionraicagus beidh ríchathaoir m'athar tuillte agam.
13 Cén duine ar féidir leis fios a fháil ar rún Dénó a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?
14 Mar, tá réasúnaíocht an duine gan mhaithagus is guagach í ár n‑intinn.
15 Óir tá an corp somhillte ina ualach ar an anamagus tá an bhoth thalmhaí ina meáchan ar an aigne shuaite.