1 Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
2 “Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
3 Gach fear in Iosrael os cionn fiche bliain agus é ar a chumas airm a iompar, déansa agus Árón iad a áireamh agus a ainmniú do láthair chatha.
4 Agus bíodh duine as gach treibh, ceann a fhine athartha, ag cabhrú libh sa ghnó seo.
5 “Seo iad ainmneacha bhur lucht cúnta:Do Reúbaen, Eilíozúr mac Shidéúr.